Tá Lá Glas na Scoile ar an Aoine 27ú Eanáir. Beidh seoladh againn ar an lá sin d’iarratas Gaelscoil Sáirséalchun an chéad Bhrat Glas a fháil don scoil. Tá an-chuid réamh-obair déanta ag an gCoiste Glas sa scoil. Is í Niamh atá ina comhordaitheoir ar an tionscnamh ar fad. Tá daltaí ó Rang 3 & 4 mar bhaill den Choiste Glas. Tá Amhrán Glas na Scoile cumtha ag Ruth. Roghnófar Rang Glas gach mí agus beidh duais ranga ann. Táimid ag déanamh athchúrsáil ar pháipéar, ar phlaisteach, ar cheallraí, ar chluichí ríomhaireachta agus ar fhóin póca. Sar i bhfad beidh bosca múirníne againn. Bhí gach rang ag obair go dian i rith na seachtaine ag cruthú tionscnaimh iontacha don ealaín ag baint úsáid as ábhar athúsáidte agus athchúrsáilte.Beidh leathanach ar leith ar an suíomh scoile don Bhrat Glas, bí cinnte go bhféachann tú air go rialta.
Our school Green Day will be held on Friday January 27th. We will be launching our campaign to be awarded our first Green Schools Flag at assembly. Our Green Schools Committee has been doing lots of work in preparation. Niamh is the Green Schools Co-ordinator. Pupils from Rang 3 & 4 represent the pupils on the committee. Ruth has composed Amhrán Glas na Scoile for everyone to sing at the launch. The greenest class in the school will be chosen each month and will receive a class prize. We are recycling paper, plastic, batteries, games console games and mobile phones. We will have a compost bin before long. Every class in school was working very hard this week on excellent art projects using reused and recycled materials. There will be a page on the school website dedicated to the Green Schools, make sure to check it regularly to see how we’re doing.