Tá miontuairiscí ón gCruinniú Chinn Bhliana de Choiste na dTuismitheoirí ar fáil anois.
The minutes of the Parents’ Council AGM are available now.
Tá miontuairiscí ón gCruinniú Chinn Bhliana de Choiste na dTuismitheoirí ar fáil anois.
The minutes of the Parents’ Council AGM are available now.
Tharla na toghcháin do Chomhairle na nDaltaí 2013 /2014 an tseachtain seo caite.
The 2013/2014 Student Council elections took place last week.
© Gaelscoil Sáirséal 2013
Téigh chuig an leathanach thíos chun blaiseadh de Sheachtain na Mata a fháil.
Check out our Maths Week exploits on this page
http://gaelscoilsairseal.scoilnet.ie/blog/dpsm/seachtain-na-mata-2013/
© Gaelscoil Sáirséal 2013
Tá féilire álainn foilsithe ag Coiste na dTuismitheoirí agus an scoil. Ritheann sé ó Dheireadh Fómhair 2013 go Meán Fómhair 2014. Tá gach rang sa scoil ann agus grianghrafanna de na páistí ar fad. Tá na dátaí scoile tábhachtacha ann freisin. Tá an féilire ar díol ag Áine sa oifig ar chostas €5. Ceannófar fearas do na iPads leis an airgead a bhailítear. Bhí an-éileamh ar na féilirí ag an CCB aréir agus díoladh an-chuid. Tá thart ar 60 féilire fágtha.
The Parents’ Council and School have produced a beautiful Gaelscoil Sáirséal Calendar. It runs from October 2013-September 2014. Each class is represented on the calendar and photos of all the children in the school are included in the calendar. All the important school dates are included. Calendars are for sale for €5 from Áine in the office. The money generated from the sale of the calendars will go towards the purchase of new software for the iPads that each class will be using in the coming weeks. The calendars proved quite popular at the AGM and lots were sold. Approx 60 calendars are left.
Friday
Saturday
Sign up here
Tá Gaelscoil Sáirséal ar Facebook anois. Tá cuntas Facebook ag 60% de dhaoine fásta sa tír seo agus déantar seiceáil ar na cuntais seo go laethúil. Bainfear úsáid as an leathanach seo chun eolas a roinnt le tuismitheoirí. Toisc nach féidir teacht ar Facebook tríd an gcóras scoile ní fhreagrófar aon cheisteanna i rith an lae. Is fearr teagmháil a dhéanamh díreach leis an scoil ag 061411933 nó ag gscoilsl@iol.ie.
60% of Irish adults now have a Facebook account that they check daily. We have now set up a Facebook page for Gaelscoil Sáirséal. The purpose of this page is to share information with parents. The page will not be maintained during school hours as we do not have access to social networking sites through the Schools’ Broadband Programme. Any queries should be directed to the school secretary on 061 411933 or gscoilsl@iol.ie. Visit our facebook page here
Tá Coiste na dTuismitheoirí ag iarraidh airgead a thiomsú don scoil trí mhálaí a phacáil i Dunnes Stores, an Jetland ar an 4ú & 5ú Deireadh Fómhair. Ceannófar Cláir Bhana Idirghníomhacha leis an airgead. Sínigh suas thíos.
Coiste na dTuismitheoirí ar fundraising for Interactive Whiteboards and need your help bag packing in Dunnes Stores, Jetland on Friday and Saturday, October 4th & 5th. Click on the link to sign up.
Athosclaíonn an scoil ar an Aoine, 30ú Lúnasa ar 8:30. Meabhraímid do thuismitheoirí go bhfuil amanta oscailte na scoile athraithe agus críochnóidh Rang 1 -6 ag 2:10 as seo amach. Críochnóidh Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra ar 12:00 go dtí an Aoine 13ú Meán Fómhair agus ar 1:10 ón Luan 16ú Meán Fómhair ar aghaidh.
Toisc go bhfuil Martina Ní Fhátharta éirithe as a post, beidh Ríona Uí Cheallaigh ag feidhmiú mar phríomhoide go dtí go gceaptar príomhoide buan. Féach ar thuairisc aontaithe an Bhoird thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
School reopens on Friday August 30th at 8.30. Please remember that our opening and closing times have changed and 1st to 6th class will finish school 2:10. Junior and Senior Infants will finish at 12:00 until Friday September 13th and at 1:10 from Monday September 16th.
Due to the resignation of Martina Ní Fhátharta, Ríona Uí Cheallaigh will be Acting Principal until a permanent principal is appointed. Please see the agreed report from the Board of Management meeting below.
Tuairisc Aontaithe – Cruinniú 20/08/13
Bhí cruinniú ag an mBord Bainistíochta Dé Máirt 20/08/13.
A meeting of the Board of Management took place on Tuesday August 20th 2013.
Bhí deis iontach ag daltaí Rang 1 – 5 cuairt a thabhairt ar Chaisleán an Rí inniu. Tá an caisleán athoscailte inniu tar éis athchóiriú. Bhain na daltaí agus na múinteoirí an-thaitneamh as an dturas. Is ionad turasóireachta den scoth é agus molfaimid é go barr na spéire. Tabhair cuairt air le linn na laethanta saoire, ní bheidh díomá ort!
1st to 5th class pupils had a wonderful opportunity to visit the newly reopened King John’s Castle today. The visitor centre has been extensively renovated and now provides visitors with a hands-on, interactive experience in this ancient building. Pupils and teachers thoroughly enjoyed their trip. It is a world-class tourist attraction and we highly recommend a visit, you won’t be disappointed!