Tá an-bhéim ar chúrsaí Mata i nGaelscoil Sáirséal. Tá sé mar aidhm againn dearcadh dearfach i leith na Mata a chruthú i measc na ndaltaí.
Na Stáisiúin Mata
Baineann na daltaí an-thaitneamh as na stáisiúin Mata. Is slí éagsúil, taitneamhach agus spraoiúil é chun Mata a dhéanamh.
Déanann Mary, Lorrraine, Colm & Olivia na stáisiúin Mata linn. Téann siad timpeall chuig na seomraí ranga. Bíonn na páistí i ngrúpaí agus téann na múinteoirí timpeall ag imirt leo. Seo cúpla cluiche a n-úsáideann na naíonáin bheaga; iPads, pictiúirí, dísle, Happy Faces, Snail Trail, Make Five & Humpty Dumpty. Thosaigh na múinteoirí na stáisiúin Mata chun Mata a mhúineadh go spraoiúil. Oibríonn na stáisiúin Mata go hiontach mhaith agus nuair a thagann na stáisiúin Mata chuig na seomraí, bíonn gliondar croí ar na páistí go léir!
le Orla Ní Chathasaigh & Leah de Paor Rang 6
iPads
Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Sáirséal go bhfuil 15 iPad againn le haghaidh úsáid na bpáistí. Is apps Mata atá againn ar na iPads agus úsáidtear iad le linn na stáisiúin Mata agus chun cur leis an bhfoghlaim sna ranganna mata tríd na scoile.
We are very lucky to have 15 iPads for the children to use. The apps are mostly Maths related and are used during station teaching and also to consolidate concepts that have been learned in class.
Manga High
Rinne an Ionad Leighis áitiúil urraíocht ar bhallraíocht do Manga High dúinn i mbliana chun cur le héispéireas dearfach na bpáistí i leith na Mata. Usáideann daltaí na n-ard agus na meán ranganna an suíomh iontach seo chun cluichí mata a imirt agus chun coincheapa mata a dhaingniú.
Our local community care centre sponsored Manga High membership for our middle and senior classes to help promote a positive attitude to maths. The pupils use this fantastic website to play maths games and to reinforce previously learned concepts.