Bhí na Naíonáin Bheaga ag iniúchadh rudaí a shnámhann agus rudaí nach snámhann.
Our Junior Infants were investigating floating and sinking.
Seachtain na hEolaíochta
Bhí seachtain mhór againn an tseachtain seo caite. Seachtain na hEolaíochta a bhí ann ar fud na tíre. Bhí an-spraoi againn ag déanamh tionscnaimh i gcomhair Seachtain na hEolaíochta i rang a ceathair. Rinneamar tionscnamh le fáil amach an meascann rudaí ar nós ola agus dath beatha lena chéile! Fuaireamar amach nach meascann agus nach raibh fágtha ach dabanna dubha ag snámh san ola. Rinneamar lampa láibhe agus pléascán cúire freisin. An rud is fearr a thaitin liomsa ná an lampa láibhe. Chuireamar ola, uisce, dath beatha agus alka seltzer i mbuidéal plaisteach. An soicind a chaitheamar an alka seltzer isteach phléasc sé agus thosaigh na dabanna daite ar snámh ! Bhí an-spraoi againn.
Le Laurie, Rang 4.





