Rith Seachtain na Mata ón 14ú Deireadh Fómhair go dtí an 18ú Deireadh Fómhair i nGaelscoil Sáirséal.
Turas go Coláiste Mhuire gan Smál
Chuamar go Coláiste Mhuire gan Smál i rith Seachtain na Matamatice. Bhaineamar an-thaitneamh as agus d’fhoghlaim an rang go leor mata chomh maith. Ar dtús thosaíomar le cluiche Toraíocht Taisce, bhíomar i ngrúpaí ag freagairt ceisteanna Mata, nuair a bhí na freagraí faighte againn bhogamar ar aghaidh go dtí an chéad chluiche eile, bhogamar gach cuig déag nóimead go cluiche eile. An chéad chluiche eile ná Sudoko , bhí sé ar fheabhas. Rinne na scoláirí ón gcoláiste cleasanna draíochta le mata linn freisin. D’imir na grúpaí ‘Maths Millionaire ‘ chomh maith, bhaineamar an-thaitneamh as sin ach go háirithe. Bhí an- lá againn.
Le James O’C Rang a 4
Seachtain na Matamaitice atá ann. Ar an Máirt chuaigh an Rang go dtí Mary I. Bhí ceithre stáisiúin ann. Bhí duine draíochta ann freisin. Bhí go leor cluichí ann. Thaitin an Sudoku liom ach bhí an tóraíocht taisce níos fear. Bhíomar ag imirt Maths Millionaire. Thaitin an turas go mór liom.
Le Darragh O’C Rang 3
Inniu chuaigh Rang 3 & 4 go dtí Mary I le haghaidh Seachtain na Mata. Bhí 4 stáisiúin ann. Bhíomar ag súgradh Maths Millionaire agus Sudoku. Tar éis é sin bhí tóraíocht taisce againn freisin. Ag am dul abhaile fuaireamar rialóir agus milseáin. Bhí lá iontach againn.
Le Brianna Ní C Rang 3
© Gaelscoil Sáirséal 2013
yay! ta gach daoine o na ranganna go leir sa an vidio