Scoil Digiteach

Cláir Bhána Idirghníomhacha
Faigheann daltaí Gaelscoil Sáirséal deiseanna iontacha úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun curaclam na gaelscoile a chomhlánú. Tá clár bhána idir-ghníomhacha i ngach seomra ranga anois. Spreagadh iontach is ea iad seo do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Cuireann na múinteoirí ceachtanna tarraingteacha spreagúla i láthair na bpáistí ar na cláir agus cuireann siad go mór leis an atmaisféar dearfach foghlama atá sa scoil cheana féin.

An Seomra Ríomhairí So-ghluaiste
Le teacht an tseomra ríomhairí so-ghluaiste tá deis ag daltaí na Gaelscoile úsáid rialta a bhaint as ríomhairí glúine. Tá tríocha dó ríomhaire glúine againn. Úsáideann na daltaí na ríomhairí seo chun daingniú a dhéanamh ar obair an ranga, chun taighde a dhéanamh do thionscnaimh agus chun obair scríofa a chur i láthair. Tá go leor dlúthdhioscaí againn a chlúdaíonn gach gné den Churaclam. Cabhraíonn na cláir bhána idirghníomhacha go mór le húsáid na ríomhairí glúine.

Interactive Whiteboards
The pupils of Gaelscoil Sáirséal are in the enviable position of having the latest technology at their fingertips. We now have Interactive Whiteboards in every class. These are a wonderful tool to inspire both students and teachers. The teachers present attractive inspirational lessons on these boards and they add to the ever-present positive learning atmosphere in the school.

Mobile Computer Lab
The arrival of our Mobile Computer Lab has caused great excitement in the Gaelscoil. We now have the use of 32 laptop computers. All the children in the school use these laptops regularly to consolidate class work, to research topics for project work and to present their written work in an attractive way. We have many CD Roms in the school that cover every aspects of the curriculum. The Interactive White Boards and Laptops are used in conjunction with one and other.